Foilsithe ar 

Clár SAM Chultúr Éireann, Mise Éire, atá mar chuid d’Éire 2016 á sheoladh leis an gcéad taibhiú i Meiriceá Thuaidh de The Last Hotel

Tá tús curtha ag Cultúr Éireann na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta leis an gclár Mise Éire, ar cuid thábhachtach é den snáithe Éireannaigh ar fud an Domhain agus an Diaspóra de chuid Éire 2016, clár oifigiúil an stáit chun cuimhneachán céad bliain Éirí Amach na Cásca a chomóradh. Is clár idirnáisiúnta domhanda ealaíon na hÉireann é Mise Éire, atá ceaptha leis an tráth suntasach seo i stair na hÉireann a cheiliúradh, chomh maith leis an ról lárnach a bhí ag ealaíontóirí Éireannacha i 1916 agus le céad bliain anuas ó thaobh sochaí na hÉireann a mhúnlú.

Dúirt an tAire Stáit Aodhán Ó Ríordáin go bhfuil “gealltanas tugtha ag an Rialtas cistiú de €2.5 milliún a chur ar fáil mar aitheantas ar an ról ríthábhachtach atá ag ár n-ealaíontóirí ar fud an domhain. Is é an cúltúr an nasc is cumhachtaí agus is dearfaí don 70 milliún Éireannach ar fud an domhain agus do na céadta milliún duine eile a bhfuil grá acu do cheol, litríocht, damhsa, amharclannaíocht, ealaín agus scannáin na hÉireann. Le 2016 tugtar deis speisialta dúinn an ceangal seo a cheiliúradh.”

Leis an gcéad taibhiú i Meiriceá Thuaidh de The Last Hotel, an ceoldráma aireagail nua de chuid Dhonnacha Dennehy agus Enda Walsh, ag St. Ann’s Warehouse in Brooklyn, Nua Eabhrac, inniu (Dé hAoine, an 8 Eanáir 2016), cuirfear tús le mórimeachtaí chlár Mise Éire Chultúr Éireann.  Agus beirt de na daoine cruthaitheacha is cumasaí in Éirinn á dtabhairt le chéile aige, tá moladh idirnáisiúnta nach beag tuillte cheana ag an gceodráma nua seo le Landmark Productions agus Wide Open Opera, atá á chur i láthair mar chuid den Prototype Festival i gcomhar leis an Irish Arts Center.

Tá suntas ag baint le hoscailt an chláir i Nua Eabhrac mar gheall ar an tábhacht atá leis an gcaidreamh cultúrtha speisialta leis na Stáit Aontaithe.  Sa bhliain 2016, trí rabharta nua de dhaoine cruthaitheacha na hÉireann a thabhairt chuig lucht féachána ar fud Mheiriceá, cuirfidh Cultúr Éireann, i gcomhar le hAmbasáid agus Consulachtaí na hÉireann i SAM, tús leis an chéad chaibidil eile i scéal cultúrtha comhroinnte na hÉireann agus na Stáit Aontaithe. Ar bhuaicphointí Mise Éire tá camchuairt Amharclann na Mainistreach i SAM le The Plough and the Stars le Seán O’Casey san fhómhar; léiriú Corn Exchange de A Girl is a Half-formed Thing, arna chur i láthair ag an Irish Arts Center sa Baryshnikov Arts Center i mí Aibreáin; scríbhneoirí agus filí Éireannacha ag tabhairt cuairte ar go leor de na féilte litríochta is mó le rá i Meiriceá, arna bhainistiú ag Éigse Éireann; agus réimse saothar Éireannach á chur chun cinn ag an Mid-America Arts Alliance, idir cheol traidisiúnta agus amharc-ealaíona.

Beidh níos mó ná 115 tionscadal ar leith, a chuimseoidh na céadta ceolchoirm, taibhiú, taispeántas agus léamh, mar chuid den chlár idirnáisiúnta sa dá mhí dhéag amach romhainn, le fócas faoi leith ar na Stáit Aontaithe, Ceanada, an Bhreatain Mhór, an Astráil agus an Nua-Shéalainn.